Faisnéis Dlí agus príobháideachais don Luas

Fógra Príobháideachais

Keolis Amey Luas

Seo Fógra Príobháideachais Keolis Amey Luas. Soláthraíonn sé faisnéis faoi shonraí pearsanta (faisnéis phearsanta) a bhailímid agus a úsáidimid faoi dhaoine aonair lasmuigh dár n-eagraíocht, lena n-áirítear úsáideoirí ár suímh gréasáin (www.luas.ie) agus faisnéis faoi chustaiméirí Luas.

Innéacs don Fhógra Príobháideachais

Fúinn

Is muid Keolis Amey Luas (tagraítear dúinn mar "muid", "muidne", "ár" san Fhógra Príobháideachais seo). Is sinne oibritheoirí Sheirbhís Iarnróid Éadroim Luas i mBaile Átha Cliath. Cuirimid an tseirbhís ar fáil faoi chonradh ón Údarás Náisiúnta Iompair ("ÚNI", féach www.nationaltransport.ie) agus ó Bhonneagar Iompair na hÉireann ("BII", féach www.tii.ie).

Tá sonraí teagmhála ar: Keolis Amey Luas, Iosta Luas, Timpeallán na Bó Deirge, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22 C5P3. Tá breis eolais faoinár bhfeidhmeanna agus ár seirbhísí ar fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.luas.ie.

Léigh an Fógra Príobháideachais seo i dteannta lenár dTéarmaí agus na Ceisteanna Coitianta a bhaineann le Seirbhísí Luas, agus leis na Fodhlíthe Luas, atá go léir ar fáil ag www.luas.ie.

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) ceaptha againn chun maoirseacht a dhéanamh ar ár gcomhlíonadh i leith rialacha cosanta sonraí. Tá breis eolais faoinár OCS, lena n-áirítear sonraí teagmhála, ar fáil i gCuid 16.

Cad chuige an fógra príobháideachais seo

Bailíonn agus úsáideann Keolis Amey Luas sonraí pearsanta (faisnéis phearsanta) faoi dhaoine aonair a thagann i dteagmháil linn chun críocha éagsúla, lena n-áirítear sonraí faoi chustaiméirí Luas agus úsáideoirí an tsuímh ghréasáin agus an aipe. I gcúinsí ina bhfuilimid freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le conas a choimeádaimid agus a úsáidimid sonraí pearsanta faoi dhaoine aonair, is “rialaitheoir sonraí” muid.

Soláthraíonn an Fógra Príobháideachais seo faisnéis maidir leis na sonraí pearsanta a bhailímid faoi chustaiméirí Sheirbhís na hIarnróid Éadroma, an Luas, agus seirbhísí gaolmhara (lena n-áirítear seirbhísí Páirceála agus Taistil, TaxSaver an Luas agus Seirbhís Téacs an Luas) (“Seirbhísí Luas”) agus faoi úsáideoirí ár n-aipe agus ár shuímh gréasáin (www.luas.ie agus www.transdevireland.ie). Is seirbhís í Seirbhís Téacs an Luas a chuireann ar chumas custaiméirí Luas agus do bhaill den phobal tuairisciú discréideach a dhéanamh ar eachtraí d’iompar frithshóisialta a fheiceann siad ar bord tramanna Luas nó ag stadanna Luas.

Úsáidimid fianáin ar ár suímh gréasáin, agus chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi seo, léigh ár bhFógraí Fianán ar ár suímh gréasáin.

Soláthraíonn an Fógra Príobháideachais seo faisnéis freisin maidir le sonraí pearsanta eile a bhailímid agus a úsáidimid faoi dhaoine aonair atá lasmuigh dár ngnó.

Mar a leagtar amach sa rannán ‘Fúinn’ thuas, déanaimid na Seirbhísí Luas a oibriú faoi chonradh ón Údarás Náisiúnta Iompair (“ÚNI”, féach www.nationaltransport.ie) agus ó Bhonneagar Iompair Éireann (“BÍÉ”, féach www.tii.ie). Is rialaitheoir sonraí muid i leith faisnéise pearsanta a bhailítear ar ár suímh gréasáin, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le Táillí Caighdeánacha an Luas, TaxSaver an Luas agus Córas Íocaíochta Páirceála Gluaisteán an Luas, chomh maith le scannánú TCI a dhéantar ag stadanna an Luas agus ar thramanna an Luas agus maidir le feidhmíocht Sheirbhís Fholáirimh Téacs an Luas. Soláthraímid tuilleadh faisnéise san Fhógra Príobháideachais seo maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí seo

Is iad ÚNI agus BÍÉ na rialaitheoirí sonraí i leith codanna áirithe den fhaisnéis phearsanta a phróiseáltar i ndáil leis na Seirbhísí Luas. Go háirithe, tá siad freagrach as faisnéis phearsanta a bhailítear agus a úsáidtear chun críocha cártaí Leap a eisiúint, agus chomh maith le riar na suímh gréasáin www.leapcard.ie agus www.studentleapcard.ie. Mar shampla, próiseálaimid iarratais ar chártaí Leap, agus nuair a dhéanaimid amhlaidh, is próiseálaithe sonraí muid i leith na faisnéise pearsanta seo thar cheann an ÚNI agus BÍÉ.

Tá sé thar a bheith tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil cearta áirithe ag ÚNI agus BÍÉ, faoinár gconradh leo, chun teacht a bheith acu ar fhaisnéis chustaiméirí an Luas agus, nuair a thiocfaidh deireadh leis an gconradh eadrainn, an fhaisnéis chustaiméirí Luas sin a bheith aistrithe chucu agus/chuig soláthraí seirbhíse comharbais don Luas.

Nuair a thagraítear dár ngníomhaíochtaí próiseála sonraí san Fhógra Príobháideachais seo maidir leis na Seirbhísí Luas, tabhair faoi deara, go bhfuilimid ag déanamh amhlaidh freisin maidir le próiseáil sonraí atá á ndéanamh againn ar son agus thar ceann ÚNI agus BÍÉ, mar a shainmhínítear thuas.

Where we refer to our data processing activities in this Privacy Notice in relation to the Luas Services, please note that we are also doing so in relation to data processing that we are undertaking for and on behalf of the NTA and TII, as identified above.

Is í an phríomhreachtaíocht um chosaint sonraí a bhfuil feidhm aici maidir linn ná Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí an AE (an RGCS), atá i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018, agus an reachtaíocht Éireannach a fhorlíonann an RGCS (is iad sin na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus na Rialacháin r-Phríobháideachais 2011). Ceann dár n-oibleagáidí faoin RGCS is ea a bheith trédhearcach leat maidir le bailiú agus úsáid fhaisnéise pearsanta faoi dhaoine aonair.

Cad is cosaint sonraí ann agus an bhfuil imní orainn ina leith?

Bronnann an dlí um chosaint sonraí cearta ar dhaoine aonair maidir le húsáid a gcuid faisnéise pearsanta (sonraí pearsanta) ag eagraíochtaí, lena n-áirítear Keolis Amey Luas. Rialaítear gach gníomhaíocht a bhaineann le bailiú, stóráil, láimhseáil, nochtadh agus úsáid eile sonraí pearsanta agus lenár mbaint le dlíthe na hÉireann agus an AE maidir le cosaint sonraí.

Is oibleagáid dhlíthiúil é rialacháin maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cabhraíonn ár gcomhlíonadh ar na rialacha um choasaint sonraí le daoine aonair muinín a bheith acu as a bheith ag déileáil linn agus cabhraíonn sé linn dea-cháil a chothú maidir leis an gcaoi a láimhseálaimid faisnéis phearsanta.

Tá na rialacha cosanta sonraí a bhfuil feidhm acu maidir linn le fáil sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí an AE (an RGCS), atá i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018, agus sa reachtaíocht Éireannach a fhorlíonann an RGCS (is iad sin na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 – 2018 agus Rialacháin r-Phríobháideachais 2011).

Cad iad na rialacha cosanta sonraí?

Éilíonn na rialacha cosanta sonraí go gcaithfidh na sonraí pearsanta (faisnéis phearsanta) a bhailímid agus a úsáidimid (mar rialaitheoir sonraí) fút a bheith:

  1. Bailithe agus úsáidte go dleathach, go cóir agus ar bhealach trédhearcach.
  2. Bailithe chun críocha bailí amháin a mhínítear go soiléir duit, agus gan iad a úsáid ar bhealach ar bith nach bhfuil ag luí leis na críocha sin.
  3. Ábhartha do na críocha ar tugadh léargas duit orthu, leordhóthanach (imleor) do na críocha sin, agus teoranta do na críocha sin amháin.
  4. Cruinn agus coimeádta cothrom le dáta.
  5. Ní choimeádfar iad ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch ar inis muid duit fúthu.
  6. Coimeádta go slán sábháilte. Ní mór dúinn freisin cloí le rialacha maidir le cé a fhaigheann sonraí pearsanta uainn (féach Alt 10 thíos), maidir le sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh de Limistéar Eacnamaíoch na hEorpa (LEE) (féach Alt 11 thíos) agus maidir le cearta daoine aonair i ndáil lena sonraí pearsanta (féach Alt 15 thíos).

Cén fhaisnéis atá againn fút agus cén fáth?

Is éard is brí le sonraí pearsanta, nó faisnéis phearsanta, ná aon fhaisnéis faoi dhuine aonair ar féidir an duine sin a aithint uaithi. Ní chuimsíonn sé sonraí ina bhfuil an t-aitheantas (go buan agus go do-chúlghairthe) bainte astu (sonraí anaithnid).

Tá 'catagóirí speisialta' de shonraí pearsanta níos íogaire ann a éilíonn leibhéal níos airde cosanta, amhail faisnéis faoi shláinte duine nó faisnéis maidir le ciontuithe coiriúla, ionchúiseamh i leith ciontuithe coiriúla, ciontuithe coiriúla agus/nó gearradh pianbhreithe i leith ciontuithe coiriúla.

Bailítear, stóráltar agus úsáidtear na catagóirí éagsúla faisnéise pearsanta faoi chustaiméirí Luas, faoi úsáideoirí na haipe agus an tsuímh ghréasáin, agus faoi dhaoine aonair eile lasmuigh de Transdev Ireland (is é sin le rá, lasmuigh dár n-eagraíocht). Tá tábla ullmhaithe againn (atá le fáil in Aipindic an Fhógra Príobháideachais seo) a leagann amach príomhchatagóirí na faisnéise pearsanta a bhailímid faoi dhaoine aonair (lena n-áirítear custaiméirí Luas, ach gan a bheith teoranta dóibh), an fáth a bhailímid an fhaisnéis phearsanta seo, ár mbunús dlíthiúil chun an fhaisnéis phearsanta seo a bhailiú agus a úsáid, an áit as a bhfuaireamar an fhaisnéis sin, agus cé a fhaigheann uainn an fhaisnéis phearsanta seo.

An bunús atá le húsáid do chuid faisnéise pearsanta

Ní úsáidfidh Keolis Amey Luas do chuid faisnéise pearsanta ach amháin nuair a cheadaíonn an dlí dúinn é sin a dhéanamh. De ghnáth, bainfear úsáid as do shonraí pearsanta sna cúinsí seo a leanas:

  • I gcás custaiméirí Luas, nuair a theastaíonn sé uainn chun ár gconradh leat a chomhlíonadh agus chun nuashonruithe faisnéise a sholáthar duit maidir le feidhmíocht na seirbhísí.
  • Cásanna a gceadaítear dúinn é sin a dhéanamh faoin reachtaíocht ábhartha i gcomhthéacs cumarsáide margaíochta.
  • I gcás custaiméirí Luas agus baill den phobal a dhéanann gearán linn nó a thuairiscíonn eachtraí dúinn (e.g. trínár suíomh gréasáin nó trí úsáid a bhaint as Seirbhís Téacsála Luas), chun an gearán nó an eachtra sin a fhiosrú, agus chun é a réiteach chomh maith agus is féidir linn. Maidir le hiompar coiriúil a thuairiscítear dúinn, féadfaimid an tuairisc a tharchur chuig na Gardaí.
  • Nuair is gá chun go gcomhlíonfaimid ár n-oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla eile leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus/nó le Bonneagar Iompair na hÉireann.
  • Nuair is gá leis chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.
  • Nuair is gá leis chun críocha éilimh dhlíthiúla nó imeachtaí dlíthiúla.
  • Ar mhaithe lenár leas dlisteanach a chosaint, amhail i ndáil le slándáil an Luas, stadanna an Luas, agus ár n-oifigí agus ár n-áitribh, i gcásanna nach sáraíonn cearta agus leasanna daoine aonair ná na leasanna sin.

Is féidir go ndéanfar do chuid faisnéise pearsanta a úsáid freisin sna cásanna seo a leanas, ar dócha gur cásanna eisceachtúla iad:

  • I gcásanna ina mbeidh gá leis chun do leasanna ríthábhachtacha (nó leasanna ríthábhachtacha duine eile) a chosaint, e.g. i gcás éigeandáil sláinte ar an Luas.
  • I gcásanna ina mbeidh gá leis ar mhaithe le leas an phobail nó chun críocha oifigiúla.

Mura soláthraíonn tú do chuid faisnéise pearsanta

Mura soláthraíonn tú faisnéis áirithe nuair a iarrann Transdev Ireland ort í, seans nach mbeimid in ann freagra a thabhairt ar iarratas nó déileáil le hiarratas atá curtha faoinár mbráid agat (mar shampla, déileáil le gearán atá curtha isteach agat nó síntiús a ghlacadh le seirbhís a sholáthraímid).

An bhfuil gá le do thoiliú?

Tá, i gcás úsáidí áirithe a bhaintear as d’fhaisnéis phearsanta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan tagairt don tábla in Aipindic an Fhógra Príobháideachais seo. I gcás úsáidí áirithe a bhaineann Keolis Amey Luas as an bhfaisnéis phearsanta a ndéantar cur síos uirthi san Fhógra Príobháideachais seo, ní theastaíonn do thoiliú uainn. Mar shampla, i gcás custaiméirí Luas, tá ár gcuid oibre chun faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid bunaithe go príomha ar ár n-oibleagáidí conarthacha.

I gcás cumarsáide margaíochta, ní dhéanaimid cumarsáid ach amháin le daoine aonair a d’iarr na nuashonruithe seo a fháil nó i gcásanna ina bhfuil sé de cheart againn brath ar “thoiliú diúltaithe” de réir na rialacha ar mhargaíocht dhíreach (mar shampla, i gcás margaíocht a dhéandáamh ar chustaiméirí reatha a rinneamar muid idirbheartaíocht leo sna 12 mhí roimhe sin nó i gcás cumarsáid ghnó le gnó).

Déan tagairt freisin dár bhFógra Fianán ar ár suíomh gréasáin (www.luas.ie), ina mínítear conas agus cén fáth a n-úsáidimid fianáin agus gléasanna eile bailithe faisnéise ar ár suíomh gréasáin, agus conas is féidir leat cosc a chur ar úsáid fianán.

(An ceart chun toiliú a tharraingt siar) Sna cásanna ina bhféadfá do thoiliú a bheith tugtha agat chun do chuid faisnéise pearsanta a bhailiú nó a úsáid chun críche sonraithe, tá sé de cheart agat an toiliú sin don úsáid shonrach sin a tharraingt siar am ar bith. Chun do thoiliú a tharraingt siar, téigh i dteagmháil lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí (OCS) – déan tagairt don alt thíos ina soláthraítear na sonraí teagmhála (féach Alt 16 den Fhógra Príobháideachais seo). A luaithe a bhfaighfimid fógra go bhfuil do thoiliú tarraingthe siar agat, ní phróiseálfaimid d’fhaisnéis a thuilleadh chun na críche nó na gcríoch ar aontaigh tú leo ar dtús, ach amháin má tá bunús dlisteanach.

Cinnteoireacht uathoibrithe

Tarlaíonn cinnteoireacht uathoibrithe nuair a úsáideann córas leictreonach faisnéis phearsanta chun cinneadh a dhéanamh gan idirghabháil dhaonna. Ceadaítear dúinn cinnteoireacht uathoibrithe a úsáid sna cúinsí seo a leanas:
  1. I gcásanna ina bhfuil fógra tugtha againn duit faoin gcinneadh agus tréimhse 21 lá tugtha againn duit chun athbhreithniú a iarraidh.
  2. I gcásanna ina bhfuil gá leis chun conradh leat a chomhlíonadh agus ina bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun do chearta a chosaint.
  3. I gcúinsí teoranta, le do thoiliú sainráite i scríbhinn agus nuair a bhíonn bearta iomchuí i bhfeidhm chun do chearta a chosaint.

Má dhéanaimid cinneadh uathoibrithe ar bhonn aon fhaisnéise pearsanta atá thar a bheith íogair, ní mór dúinn do thoiliú sainráite i scríbhinn a fháil nó caithfidh údar maith a bheith leis ar mhaithe le leas an phobail, agus ní mór dúinn bearta iomchuí a chur i bhfeidhm freisin chun do chearta a chosaint.

Ní bheidh tú faoi réir cinntí a mbeidh tionchar suntasach acu ort bunaithe go heisiach ar chinnteoireacht uathoibrithe, ach amháin má tá bunús dlíthiúil againn chun é sin a dhéanamh agus má tá fógra tugtha againn duit.

Ní mheastar go ndéanfar aon chinntí fút trí mheáin uathoibrithe. Mar sin féin, tabharfar fógra do na daoine aonair lena mbaineann má thagann athrú ar an seasamh seo.