Inrochtaineacht

Tá iompar riachtanach chun cur ar chumas daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i ngnáthghníomhaíochtaí an tsaoil laethúil, e.g. obair, oideachas, caitheamh aimsire agus gníomhaíochtaí sóisialta. Is é an aidhm atá againn ag Luas seirbhís chairdiúil, éifeachtúil, chompordach agus shábháilte a chur ar fáil dár bpaisinéirí uile.

Tá míchumas ar chuid dár bpaisinéirí, agus ní bhíonn na míchumais sin le feiceáil uaireanta; is féidir le cuid mhór difríochtaí a bheith ann idir an tionchar a bhíonn ar dhaoine a bhfuil riocht faoi leith orthu, idir deacrachtaí éadroma agus deacrachtaí tromchúiseacha. Bíonn tionchar ag timpeallacht an duine, lena n-áirítear na tacaíochtaí atá acu agus na bacainní fisiciúla nó sóisialta atá rompu, ar scála na ndúshlán atá rompu sa saol laethúil, mar sin bíonn cúram agus aird sa bhreis de dhíth ar roinnt paisinéirí.

Chun eolas a fháil nó iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le hoifig Sheirbhís do Chustaiméirí TFI ar 0818 294 015 nó seol ríomhphost chuig access@luas.ie.

Tá ár n-oifig phoiblí lonnaithe ag Iosta Luas na Bó Deirge, Bóthar an Náis, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22 C5P3, agus tá sí inrochtana go hiomlán.

Tá sonraí maidir le tionscnaimh rochtain ar an Luas le fáil thíos.

Beartas Rochtain ar an Luas

Nuair a thugann paisinéirí faoi mhíchumas faoi thuras, bíonn na hionchais chéanna acu le baill eile den phobal. Agus seirbhís iompair phoiblí á cur ar fáil aige, cuireann Luas riachtanais inrochtaineachta ár bpaisinéirí reatha agus ár bpaisinéirí amach anseo uile san áireamh. Níl aon liosta críochnúil de riochtaí i gceist le míchumas.

Ar na riachtanais soghluaisteachta, tá na riachtanais is suntasaí lena n-áirítear daoine ar mhaidí croise, úsáideoirí cathaoireacha rothaí, daoine a bhfuil madraí treorach de dhíth orthu, nó daoine a bhfuil bugaithe acu agus ansin tá daoine a bhfuil lagú fisiciúil orthu (mar shampla paisinéirí a bhfuil airtríteas, pian droma, nó géaga ag cur as dóibh). Baineann riachtanais soghluaisteachta freisin le paisinéirí atá ag taisteal le leanaí, siopadóireacht, nó bagáiste a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu.

Is éard atá i gceist le míchumas “dofheicthe,” “neamh-dofheicthe,” “i bhfolach,” “neamh-dealraitheach,” nó “neamhfheicthe” ná aon lagú fisiciúil, meabhrach nó mothúchánach nach bhfuil soiléir láithreach do lucht féachana. D’fhéadfaí go n-áireofaí na nithe seo a leanas le míchumas dofheicthe, ach gan a bheith teoranta dóibh: lagú cognaíoch agus gortú inchinne; speictream an uathachais; tinnis ainsealacha ar nós scléaróis iolrach, tuirse ainsealach, pian ainsealach, agus fibrimiailge; imní, dúlagar, PTSD, agus cuid mhaith eile.

I measc na riachtanas céadfacha tá daille, lagú radhairc, bodhaire, agus daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu.

I measc na ndeacrachtaí foghlama tá disléicse agus deacrachtaí foghlama chomh maith le heaspa oideachais fhoirmiúil. 

Agus na caighdeáin inrochtaineachta agus comhshaoil reatha do chórais iompair á gcomhlíonadh aige, is iad seo a leanas aidhmeanna Luas:

  • Turas tram atá sábháilte agus compordach a chuir ar fáil duit.
  • Dul i gcomhairle le daoine a bhfuil riachtanas speisialta acu, agus iarracht a dhéanamh freastal ar a gcuid riachtanas agus a n-ionchas a oiread agus is féidir.
  • Ár seirbhísí Luas a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir go praiticiúil.
  • Oibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí seachtracha eile amhail Bonneagar Iompair Éireann (TII) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) chun a chinntiú go bhfuil ardáin agus tramanna Luas inrochtana go hiomlán.
  • Athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar ár seirbhísí leis an mbealach is fearr chun iad a fheabhsú a fháil amach.
  • Oiliúint feasachta ar mhíchumas a chur ar fáil mar chuid dár n-oiliúint ar chúram paisinéirí do bhaill foirne uile Luas.
  • Ár gcóras cumarsáide a uasghrádú agus eolas inrochtana a chur ar fáil nuair is gá.

Cé nach féidir a bheith ag súil le gach deacracht a bhíonn ag paisinéirí Luas ar a dturais, déanfaidh Luas iarracht i gcónaí fadhbanna a mheas roimh ré agus réiteach a fháil orthu nuair is féidir de réir mar a thagann siad chun cinn. 

Spreagaimid ár bhfoireann le bheith solúbtha agus gairmiúil agus iad ag déileáil le hábhair imní agus le riachtanais na bpaisinéirí, agus déanaimid gach iarracht ár seirbhís a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir. 

Cúnamh Taistil

Má tá sé socraithe agat taisteal ar an Luas agus tá a fhios agat go mbeidh cabhair sa bhreis de dhíth ort, cuir ar an eolas muid roimh ré lena chinntiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm againn chun a chinntiú go bhfuil ball foirne ar fáil chun cabhrú leat. Is féidir linn dul in éineacht leat ar do thuras, cabhrú leat dul i dtaithí ar an gcóras agus comhairle a thabhairt duit maidir le turas a phleanáil ag baint úsáid as Luas.

Tá Cúnamh Taistil saor in aisce agus is féidir é a lorg le linn uaireanta oibre uile Luas.

Dá mhéad eolais atá againn faoin gcúnamh ar leith a theastaíonn uait, is amhlaidh is fearr a bheimid in ann an cúnamh cuí a chur ar fáil duit. Agus teagmháil á déanamh agat le Luas chun Cúnamh Taistil a lorg agat, cuir na sonraí seo a leanas ar fáil:

  • Dáta taistil
  • Am taistil
  • Stad imeachta
  • Stad isteach
  • An cineál míchumais
  • Cineál cúnaimh atá de dhíth
  • Cibé an mbeidh tú ag taisteal leat féin nó in éineacht le compánach
  • Cé acu an mbeidh cúnamh de dhíth ag an stad imeachta agus ag an stad isteach araon
  • Conas a mbeidh baill foirne in ann tú a aithint (cur síos ort féin)
  • Aon sonraí eile chun cabhrú le baill foirne Luas nó ar mian leat iad a shoiléiriú

Más gá duit turas a chur ar ceal a bhfuil socruithe speisialta beartaithe ina leith, cuir in iúl dúinn ionas gur féidir baill foirne a chur ar fáil chun cabhrú le daoine eile.

Chun cúnamh a shocrú déan teagmháil le hoifig Sheirbhísí Custaiméara TFI:

Teileafón: 0818 294 015

Ríomhphost: access@luas.ie

Comhlíontacht Táille agus an Saorthaisteal

Ní mór do gach paisinéir ticéad bailí nó pas a bheith acu agus iad ar bhonneagar Luas nó ar gach tram Luas. Tá saorthaisteal ar an Luas saor in aisce do gach duine a bhfuil Pas Saorthaistil na Seirbhísí Poiblí nó Pas Saorthaistil na Seirbhísí Poiblí do phinsinéirí acu. Níl aon srian ar cathain is féidir le paisinéir a bhfuil na pasanna seo acu taisteal.

Tá sé de dhualgas ar thiománaithe agus Ghníomhairí Paisinéirí (CA) Luas seiceáil an bhfuil pas bailí á úsáid agat agus gurb ionann tusa agus an duine atá ar an bpas.

Bí cinnte do Phas Saorthaistil a bhailíochtú nó ticéad Luas a cheannach sula dtéann tú ar an tram Luas. Tá dhá bhailíochtóir suite ag an dá bhun den ardán le do phas taistil a bhailíochtú, agus tá teacht ar Uathdhíoltóirí Ticéad (TVM) ar gach ardán, ag gach stad chun ticéad a cheannach. Mura bhfuil do phas saorthaistil leat, ní mór duit ticéad Luas a cheannach nó íoc i gcomhair do thurais trí Chárta Leap a úsáid. Ní mór duit a chinntiú go mbíonn do phas saorthaistil nó Cárta Leap bailíochtaithe nó ticéad bailí agat i gcónaí, agus iad ar fáil chun seiceála ag Gníomhaire Paisinéara (CA) nó ag duine údaraithe le linn an turais.

Ag Dul ar an Luas

Nuair is féidir, téigh isteach ar an Luas tríd na doirse dúbailte toisc gurb iad sin an bealach isteach is gaire do na suíocháin tosaíochta agus don limistéar sainithe do chathaoireacha rothaí. Lig do phaisinéirí imeacht ón Luas sula ndéanann tú iarracht dul ar bord i gcónaí.

Má tá cabair sa bhreis uait agus tú ag taisteal linn nó má tá cabhair uait roimh ré sula dtugann tú faoin turas, glaoigh ar Sheirbhís do Chustaiméirí TFI ag 0818 294 015.

Ag Imeacht Ón Luas

Ba chóir do phaisinéirí Luas a bheith ullmhaithe agus an tram ag teacht chuig an stad. Ní mór do phaisinéirí a bheith réidh an tram a fhágáil nuair a shroicheann sé an stad. Tabharfar an chéad stad eile le fios le fógra chomh maith le taispeáint inmheánach LED. Ba chóir do phaisinéirí an cnaipe gealánach glas ar an doras a bhrú má theastaíonn uatha imeacht ón tram. Iarraimid ar phaisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu dul ar bord seasamh siar agus ligean do phaisinéirí eile imeacht den tram ar dtús. 

Má tá cúnamh uait, cuir ar an eolas muid roimh ré agus glaoigh ar 0818 294 015 nó seol ríomhphost chuig info@luas.ie agus cuir eolas maidir leis na hamanna, na dátaí agus na suíomhanna ar fáil.

JAM Card

Tá Luas an-bhródúil ballraíocht a ghlacadh le Transport for Ireland in eineacht le Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Iarnród Éireann, agus Nasc Áitiúil tacú le Cárta JAM agus Aip Ghrúpa NOW.

Is féidir le daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama nó cumarsáide acu úsáid a bhaint as an gcárta JAM chun “nóiméad amháin” sa bhreis a lorg ar dhaoine eile, chun deis a thabhairt dóibh guaim a fháil orthu féin. Cé acu más deacrachtaí urlabhra nó beagán ama sa bhreis chun ticéad Luas nó Cárta Leap a lorg atá i gceist, is bealach discréideach é an cárta nó aip JAM chun ball foirne a chuir ar an eolas go bhfuil beagán ama sa bhreis de dhíth.

Ba rannpháirtithe sa ghrúpa NOW a d’fhorbair an Cárta JAM, a d’aithin bhfuil de dhíth ar dhaoine a bhfuil riochtaí amhail uathachas orthu, ach ‘nóiméad amháin’ i gcásanna sóisialta áirithe. Rachaidh an Cárta JAM chun tairbhe custaiméirí atá ag baint úsáide as Luas agus cinnteoidh sé go mbainfidh a laghad brú agus is féidir lena n-eispéireas.

Tá na focail ‘Nóiméad Amháin’ ar thaobh amháin den chárta, agus roghnaíonn tú féin an teachtaireacht gur mhaith leat a bheith ar thaobh eile an chárta, nuair a ordaíonn tú Cárta JAM:

  • Tá uathachas/siondróm Asperger orm,
  • Tá uathachas orm, nó
  • Tá fadhb agam nó tá néaltrú/deacrachtaí le cuimhne orm.

Agus tú ag taisteal ar Luas, níl le déanamh agat ach an cárta seo a thaispeáint d’aon bhall d’fhoireann Luas ar mian leat labhairt leis nó léi, nó a labhraíonn leat. Tá oiliúint feasachta ar an gCárta JAM déanta ag foireann Luas, lena n-áirítear Tiománaithe agus Oifigigh Dearbhaithe Custaiméara do Chustaiméirí, a mhúineann dóibh an cárta sainiúil a aithint agus an t-eolas a theastaíonn uathu a chur ar fáil chun a chinntiú go mbraitheann úsáideoir an Chárta JAM go bhfuil fáilte roimhe nó roimpi ar bord Luas. Le linn na hoiliúna, fuair an fhoireann eolas luachmhar freisin faoi chineálacha éagsúla míchumais agus d’fhoghlaim siad conas dul i dteagmháil le custaiméir a bhféadfadh bac cumarsáide a bheith aige nó aici:

  • Stáisiún Uí Chonghaile,
  • Stáisiún na bPiarsach,
  • Stáisiún Heuston

Is féidir leat ceann a iarraidh go díreach ó NOW Group freisin trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an Chárta JAM agus an www.jamcard.org, fhoirm iarratais a líonadh ag www.nowgroup.org.

Lagú Radhairc

Tá clog feistithe ar gach tram agus is féidir iad a bhuaileadh chun tabhairt le fios go bhfuil tram ag teacht chomh fada le, agus ag fágáil ardán Luas. Is féidir iarratais ar chlog a bhuaileadh, a bhfuil táscaire áirithe leis (buail an clog faoi dhó nuair a shroicheann tú stad Fhearchair), a dhéanamh trí iarratas tríd an gcnaipe Pointe Cabhair Éigeandála. Tá Pointí Cabhrach Éigeandála suite ar thaobh gach meaisín díola ticéad Luas ag deireadh foscadh an ardáin; I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé seo a bheith ina sheasamh leis féin san áit chéanna. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh chomh maith le hIonad Seirbhíse do Chustaiméirí TFI 0818 294 015. Mura bhfuil radharc agat ar scáileán taispeána seachtrach an tram atá ag teacht i do threo (suite ar gach taobh den tram os cionn chábán an tiománaí) a thaispeánann suíomh críochfoirt an tram, brúigh an cnaipe Pointe Cabhair Éigeandála, le do thoil. Cuirfidh sé seo ar do chumas teagmháil a dhéanamh le Láraonad Stiúrtha an Luas. Is féidir leat fiafraí cá bhfuil an tram ag an stad ag críochnú a thurais, nó aon chúnamh eile a d’fhéadfadh a bheith uait a iarraidh. Chomh maith leis sin, is féidir leat dul chomh fada le cábán an tiománaí ón taobh amuigh a luaithe is atá an tram stoptha.

Tá fógraí fuaime uathoibríocha ar bord, a fhógraíonn ainmneacha gach stad chomh maith le teachtaireachtaí eile réamhthaifeadta. Leis an bhfógra, tabharfar le fios ainm an chéad stad eile ar imeacht ón stad roimhe sin agus sula mbaintear an chéad stad eile amach. Déantar na fógraí seo as Béarla agus as Gaeilge. Má tá amhras ort agus tú ar bord, tá gléas cumarsáide éigeandála do phaisinéirí ar gach tram atá suite ar an ursain ar thaobh na láimhe deise de gach sraith doirse dúbailte. Brúigh an cnaipe chun labhairt leis an tiománaí má theastaíonn uait do shuíomh a chinntiú.

Cloistear torann rabhaidh dordáin nuair a bhíonn tú ag dul ar an tram agus ag imeacht ón tram, a thugann le fios go bhfuil doirse an tram á ndúnadh. Tá solas gealánach oráiste suite os cionn gach doras chomh maith, a mbeidh ag splancáil sula ndúntar na doirse. Ná déan iarracht imeacht ón tram nó dul isteach ar an tram nuair a chloiseann tú an torann seo, mar d’fhéadfaí go ndúnfaí na doirse ort.Tá Córas Brathadóireachta Bacainne feistithe ar gach doras ar thramanna Luas a chinntíonn nach sáinnítear sna doirse thú. Ní an tram in ann bogadh más rud é go bhfuil bacainn sna doirse.

Lagú Éisteachta

Tugann taispeáintí seachtracha, atá le feiceáil ar thosach, ar chúl agus ar thaobhanna na feithicle, léargas ar chríochfort cheann scríbe an tram. Tá teacht orthu seo os cionn chábán an thiománaí ag deireadh dhá thaobh an tram agus díreach faoi líne an dín ar thaobhanna an tram. Is iomaí doras atá ar feadh imeall an tram gur féidir a oscailt ach an cnaipe gealánach glas atá ar an doras a bhrú. Tá taispeáintí leictreonacha Ionsuite, a bhfuil an téacs i litreacha beaga agus ceannlitreacha agus in ardchodarsnacht, feistithe ar gach tram. Léiríonn na taispeántais seo an stad reatha agus an tram ag druidim le hardán, chomh maith leis an gcéad stad eile nuair a bheidh an tram tar éis imeacht. Agus iad ag dul ar bord tramanna agus ag fágáil tramanna, feicfidh paisinéirí solas LED oráiste gealánach os cionn gach dorais, rud a thugann le fios go bhfuil na doirse ag dúnadh. Ná déan iarracht dul ar bord an tram ná é a fhágáil a luaithe a bheidh an comhartha seo gníomhachtaithe, mar d’fhéadfadh na doirse dúnadh ort.

Tá lúb ionduchtaithe feistithe i ngach tram do phaisinéirí a úsáideann áiseanna éisteachta atá feistithe le T-lasc. Sa trian lárnach de gach tram, is féidir éisteacht leis na fógraí a dhéantar ar bord, bíodh siad á ndéanamh ag an tiománaí nó trí theachtaireachtaí taifeadta lena bhfógraítear an chéad stad eile agus an ceann scríbe deiridh. I gcás éigeandála, ciallaíonn sé seo go bhfaigheann úsáideoirí feistí éisteachta comhairle agus treoracha ón tiománaí ag an am céanna go díreach le paisinéirí eile.

Paisinéirí atá ag brath ar Chathaoireacha Rothaí

Maidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, tá ardaitheoirí agus rampaí suiteáilte againn, agus tá spásanna páirceála feabhsaithe againn nuair is gá. 

Tá na tramanna agus na hardáin uile inrochtana go hiomlán d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Tá na hardáin ardaithe 280 mm níos airde ná an ráillrian agus is féidir rochtain a fháil orthu trí rampaí gearra 5-6 m a úsáid atá lonnaithe ar thaobh amháin nó an dá thaobh den ardán nuair is gá. Sa chás go mbíonn sé ag teastáil, tá ardaitheoir ann a thabharfaidh rochtain ar an ardán. Tá dhá limistéar sainithe d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar thramanna, a bhfuil rochtain orthu trí na 4 dhoras dúbailte lárnacha tram. Cuirtear na háiteanna seo in iúl leis na greamáin dhéthaobhacha cathaoir rothaí ar na fuinneoga atá os cionn spás na suíochán infhillte agus an taca droma. Tugtar tús áite d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar gach duine eile maidir le húsáid an spáis seo toisc gurb é seo an t-aon spás inar féidir leo taisteal go sábháilte.

Agus tú ag dul ar bord an Luas, molaimid d’úsáideoirí dul isteach trí na doirse dúbailte. Nuair a bheidh siad ar bord, ní mór d’úsáideoirí cathaoir rothaí an coscán a chur i bhfeidhm agus iad féin a dhaingniú i gcoinne na ráillí greim ar an taobh, agus aghaidh a thabhairt i dtreo chúl an tram ar mhaithe leis an tsábháilteacht is fearr agus iad ag taisteal.

Mura féidir leat dul ar bord Luas nó má tá cúnamh uait, brúigh an cnaipe Pointí Cabhair Éigeandála atá le fáil ag an scáthlán in aice leis an meaisín díola ticéad Luas agus cuirfear i dteagmháil thú leis an Láraonad Stiúrtha, a chuirfidh cúnamh éigeandála ar fáil de réir mar is cuí. De rogha air sin, déan teagmháil le hoifig Sheirbhís do Chustaiméirí TFI ar 0818 294 015.

Scútair Shoghluaiseachta

Ceadaítear scútair shoghluaisteachta ar bord an Luas. Agus tú ag dul ar bord an Luas, molaimid d’úsáideoirí dul isteach trí na doirse dúbailte. Nuair a bheidh siad ar bord, ní mór d’úsáideoirí scútair an coscán a chur i bhfeidhm agus iad féin a dhaingniú i gcoinne na ráillí greim ar an taobh, agus aghaidh a thabhairt i dtreo chúl an tram ar mhaithe leis an tsábháilteacht is fearr agus iad ag taisteal.

Paisinéirí a bhfuil Madraí Cúnaimh acu 

Bíonn an-fháilte roimh mhadraí cúnaimh ar bord an Luas. Ní mór do mhadraí cúnaimh an úim chuí nó brat a chaitheamh a thugann le fios don tiománaí gur madra cúnaimh atá ann. Is iad úinéir an mhadra chúnaimh atá freagrach astu agus ní mór smacht a chóiméad ar an madra i gcónaí, bíodh úim á caitheamh acu, bíodh siad ar iall nó in iompróir. Níor cheart go mbeadh an madra cúnaimh sa bhealach ar an bpasáiste ná ag taisteal in airde ar shuíochán. Cuirtear spás leordhóthanach ar fáil do mhadraí cúnaimh faoi shuíocháin shainithe ar an Luas.

Chomh fada is atá spás ar fáil, níl aon srian leis an méid madraí cúnaimh a cheadaíonn an tiománaí Luas ar thram ag aon am amháin.

Paisinéirí a bhfuil Bugaithe Leanaí acu

Tá dhá limistéar sainithe le haghaidh bugaithe leanaí agus is féidir teacht orthu ach dul tríd an ceithre dhoras dúbailte lárnacha tram. Léirítear na limistéir seo le greamáin cathaoireacha rothaí/bugaithe dhéthaobhacha ar na fuinneoga os cionn na suíochán fillte agus an limistéar taca droma. Tá tosaíocht ag úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus ag daoine a bhfuil bugaí acu an spás seo a úsáid, thar aon duine eile, toisc gurb é seo an t-aon áit inar féidir leo taisteal go sábháilte.

Tá urláir na dtramanna Luas ar leibhéal íseal, agus mar sin is féidir bugaí a fhágáil neamhfhillte sa spás do chathaoireacha rothaí má tá sé saor. Cinntigh go bhfuil an bugaí suite go sábháilte agus go bhfuil an coscán curtha air. Ní féidir bugaithe atá oscailte a iompar sa phasáiste. Ba chóir go mbeadh tú in ann dul ar bord aon tram Luas agus bugaí leat. Mar sin féin, má mheasann an tiománaí go bhfuil an tram róphlódaithe chun ligean duit dul ar bord go sábháilte, féadfaidh sé diúltú cead a thabhairt duit taisteal. Ní chóir bugaithe a chur go díreach taobh thiar de dhoras an tiománaí toisc go bhfuil siad sa bhealach ar an tslí go dtí salún an tram ó chábán an tiománaí i gcás éigeandála.

Más mian le húsáideoir cathaoireach rothaí dul ar bord agus bugaí neamhfhillte sa spás do chathaoireacha rothaí, iarrfaidh an tiománaí nó ball eile d’fhoireann Luas ar úinéir an bhugaí é a fhilleadh agus é a chur sa spás bagáiste nó é a choinneáil in aice leo.

Faisnéis Taistil

Tá faisnéis shoiléir, ghonta, chruinn agus thráthúil ríthábhachtach do phaisinéirí a thugann faoi thurais ar iompar poiblí agus is féidir leis muinín a chothú sa chóras Luas. Cuirimid Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí ar fáil ar an ardán. Tá aonaid Taispeána Faisnéise do Phaisinéirí (PID) ar gach ardán Luas. Léirítear trí líne téacs sa taispeáint a thugann eolas do phaisinéirí, ar na hamanna sroichte measta agus cinn scríbe an chéad trí tram eile ón ardán. Baintear úsáid as an Taispeáint Eolais Paisinéirí (PID) chomh maith chun eolas a chuir ar fáil maidir le cur isteach ar an seirbhís agus eolas eile.

Tá fáil ar Eolas Fíor-ama Paisinéirí chomh maith ach cuairt a thabhairt ar luas.ie, aip saor in aisce Luas a íoslódáil ó shiopaí Apple App nó Google Play, nó féachaint ar leathanach oifigiúil Luas’ ar X, @LUAS. Is féidir an cló a mhéadú ar Shuíomh Gréasáin Luas agus is féidir é a léamh trí úsáid a bhaint as Browse Aloud. Seoladh leagan nua den suíomh gréasáin le déanaí agus tá sé leagtha amach le go mbeadh eolas atá an-tábhachtach ar fáil do phaisinéirí go tapa agus go héifeachtach

Stadanna Luas

Tá dhá ardán ag formhór stadanna an Luas, gach ceann acu 40 méadar ar fad agus 3 mhéadar ar leithead, ceann ar gach taobh den rian, seachas ag Stad Fhearchair agus ag Busáras, áit a bhfuil na hardáin idir na rianta. Sa chuid den Líne Uaine ina bhfuil an taisteal i dtreo amháin — an lúb idir Westmoreland, Parnell agus Trionóid — níl ach ardán amháin ann. Tá na hardáin ardaithe 280 mm níos airde ná an ráillrian agus is féidir rochtain a fháil orthu trí na rampaí gearra 5-6 m a úsáid atá lonnaithe ar thaobh amháin nó an dá thaobh den ardán

Is féidir rochtain a fháil ar na staideanna seo a leanas trí ardaitheoir:

  • Freastalaíonn ardaitheoir ar gach ardán i gCill mochuda.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir i Mbaile amhlaoibh ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh isteach.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir i Raghnallach ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh amach.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir in Charlemont ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh isteach.
  • Tá ardaitheoir agus staighre beo amháin i Stáisiún uí chonghaile cóngarach d’ardáin an Luas, chomh maith le hardaitheoir laistigh de phríomhdhoras an stáisiúin.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir i nDún droma ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh isteach.
  • Is féidir rochtain a fháil ar 2 ardaitheoir i mBaille phib ó cheachtar den dá ardán, ceann amháin suite ar thaobh an bhealaigh amach agus an ceann eile ar thaobh an bhealaigh isteach.

Tá idirchum i ngach ardaitheoir atá suite ag an bPointe Cabhrach Éigeandála lena dtugtar cead duit teagmháil a dhéanamh le hIonad Lárnach um Rialú Traenach an Luas i gcás éigeandála. Clúdaíonn ceamaraí TCI an taobh istigh agus amuigh araon de gach ardaitheoir.

Tá teacht ar scáthlán cruaigh nó gloine ag cuid mhaith de na stadanna, seachas corrcheann. Tá na Meaisíní Díola Ticéad (TVM) agus na Pointí Cabhair Éigeandála laistigh de na scáthláin seo, chomh maith le suíocháin do phaisinéirí. Tá clár fógraí suite ar go leor de na scáthláin ag stadanna Luas, agus taispeántar air léarscáil bealaigh áitiúil ina léirítear na príomhghnéithe sa cheantar, chomh maith le faisnéis faoi tháillí agus faoi thaisteal. Is féidir gur cláir fógraíochta saorsheasaimh a mbeadh suite ag suíomhanna áirithe chomh maith.

Tugann comharthaí mór ag gach stad ainm an stad le fios. Tá “brat” daite ar na stadanna seo chomh maith a chabhraíonn le tabhairt le fios cén líne ar leith a bhfuil an stad air (Dearg nó Uaine). 

Seiceáil an rannán nuashonruithe taistil ar www.luas.ie agus aip shoghluaiste Luas chun an fhaisnéis is deireanaí faoi na hardaitheoirí a fháil.

Cabhraigh Linn Iompar do Chách a Chuir ar Fáil

Tabhair faoi deara, gur spás sainithe é an spás ar an Luas atá léirithe leis an siombail atá ar taispeáint ar thaobh na láimhe clé d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus dóibh siúd atá ag taisteal le bugaithe. Tá tús áite ag úsáideoirí Cathaoireacha Rothaí sa limistéar seo. Fág an spás seo nuair a bhíonn sé ag teastáil ó úsáideoir cathaoireach rothaí.

Má thugann tú faoi deara duine a bhfuil lagú radhairc air nó uirthi agus é nó í ina sheasamh ar an ardán, cuir in iúl dó nó di cén treo ina bhfuil an tram ag teacht chuige nó chuici. Tabhair do shuíochán do phaisinéirí atá níos sine, atá ag iompar clainne nó a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu má tá siad ina seasamh.

Cabhraigh le do chomhphaisnéirí más rud é go bhfuil cabhair de dhíth orthu.

Áiseanna Páirceála

Tá 7 gcarrchlós Páirceála agus Taistil ar fáil, a bhfuil spásanna le haghaidh Suaitheantas Gorm atá suite go háisiúil agus sainithe iontu uile. Tá spásanna Suaitheantais Páirceála Gorm suite chomh gar is gur féidir d’ardáin Luas.

Tá páirceáil ar mhaithe le paisinéirí Luas atá faoi mhíchumas saor in aisce i spásanna Suaitheantais páirceála Gorm sainithe. Caithfidh tú do Shuaitheantas Gorm a thaispeáint go sofheicthe agus páirceáil i spás páirceála ainmnithe do Shuaitheantas Gorm. Soláthraítear na spásanna seo de réir mar a thagann custaiméirí. Mura bhfuil spásanna páirceála do Shuaitheantas Gorm ar fáil tar éis duit an carrchlós a shroicheadh, tá páirceáil i spásanna eile ceadaithe, agus tá sé saor in aisce fad is atá do phas Shuaitheantais Ghoirm á thaispeáint.

Gearán a Dhéanamh

Is féidir le duine ar mian leo gearán a dhéanamh maidir le teip ar Luas cloí leis an Acht um Míchumas, 2005, amhlaidh a dhéanamh i scríbhinn chuig Ionad Seirbhíse do Chustaiméirí TFI ach ríomhphost a sheoladh chuig access@luas.ie  nó scríobh chuig: 

Seirbhís do Chustaiméirí TFI

Iosta Luas na Bó Deirge, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22 C5P3 

Is féidir gearán a dhéanamh chomh maith ach glaoch ar ár nIonad Seirbhíse do Chustaiméirí TFI ag 0818 294 015.