Oibreacha Beartaithe

Oibrítear 24/7 chun an líonra Luas a choinneáil ag imeacht

Is iarracht foirne é líonra Luas a reáchtáil do chomaitéirí Bhaile Átha Cliath. Maidir leis na hoibríochtaí agus an chothabháil laethúil a chuirtear i gcrích chun Baile Átha Cliath a choinneáil ag gluaiseacht, bíonn foirne tiomanta ar fud na cathrach i gceist leo. Bíonn na foirne seo ag obair as lámha a chéile chun a chinntiú go gcoimeádaítear an tseirbhís is fearr is féidir ar fáil do na comaitéirí a bhíonn ag brath ar an Luas gach lá.

Cad is cothabháil ann?

Tá obair chothabhála ríthábhachtach d’fheidhmiú chóras an Luas agus cinntíonn sí go soláthraítear seirbhís tramanna atá sábháilte agus iontaofa dár gcustaiméirí.

Déantar gnáthobair chothabhála ar fud an chórais gach lá agus gach oíche den bhliain, mar shampla an bonneagar a ghlanadh, na hardáin agus an rian a ní, an dramhaíl a bhainistiú, iniúchtaí a dhéanamh ar an gcóras soláthair cumhachta, agus deisiúcháin éadroma a dhéanamh.

Déantar obair chothabhála throm atá beartaithe, mar shampla iarnróid a athsholáthar, tumpáil, meilt agus gearradh crann, san oíche go príomha, toisc go gcaithfidh na tramanna a bheith as feidhm lena linn.

Déantar oibreacha éigeandála, amhail ráillí nó cáblaí lasnairde a dheisiú, a luaithe is féidir chun leanúnachas na seirbhíse a chinntiú. D’fhéadfadh sé seo tarlú i rith na hoíche nó i rith an lae.

Tuigtear go mbeidh tionchar ag obair chothabhála ort féin agus ar do chomharsana agus i gcás oibreacha cothabhála torannacha atá beartaithe, déantar bileog dar teideal ‘Fógra faoi Oibreacha Rianta an Luas’ a dháileadh go díreach ar chónaitheoirí agus ar ghnóthais in aice láimhe roimh ré, agus/nó déantar mionsonraí faoi na hoibreacha a phostáil ar shuíomh gréasáin an Luas. I gcás oibreacha éigeandála, d’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann fógra a dháileadh sula dtosófar ar an obair.

Is mór againn bhur bhfoighne agus bhur dtuiscint i gcónaí.

Planned Works Calendar Féilire na nOibreacha Beartaithe

Féach sonraí faoi na limistéir a mbeidh tionchar ag oibreacha beartaithe ar rianta an Luas orthu, lena n-áirítear an dáta agus an t-am a thosófar agus a chríochnófar iad, chomh maith leis an gcineál oibreacha a bheifear á gcur i gcrích.

Áit Dátaí Amanna Cineál
Teach Sagard/Tamhlacht - An Bhó Dhearg Ó 19 Meán Fómhair go 20 Meán Fómhair An lá ar fad Oibreacha cothabhála
An Bhó Dhearg- Heuston Ó 24 Deireadh Fómhair go 26 Deireadh Fómhair An lá ar fad Oibreacha cothabhála

Bíonn obair ghlantacháin ar stadanna an Luas ar siúl go leanúnach agus níl sí san áireamh san fhaisnéis thuas.

FBíonn obair ghlantacháin ar stadanna an Luas ar siúl go leanúnach agus níl sí san áireamh san fhaisnéis thuas.