Déanaimis cinnte go bhfanfaimid uile sábháilte ar Luas.
Gnéithe Sábháilteachta
Ag Stad an Trama
• CCTV
• Pointe Cabhrach Éigeandála suite in aice leis an Meaisín Ticéad. Brúigh an cnaipe agus labhair go díreach le seomra rialaithe Luas.
Ar Bord an Trama
• CCTV
• Cnaipe Éigeandála in aice leis an doras. Brúigh é agus labhair go díreach le tiománaí an trama.
• Láimhseáil Éigeandála in aice leis an doras. Má tharraingítear an láimhseáil seo, stopfaidh an tram.
• Pearsanra Slándála*
• Oifigigh Chosanta Ioncaim Luas*
• Tiománaí an Trama
Is féidir iarratais ar íoslódálacha CCTV a dhéanamh trí Sheirbhís do Chustaiméirí TFI ar 0818 294 015 nó tríd an bhFoirm Ghréasáin TFI: https://www.transportforireland.ie/support/send-a-message/
Tabhair faoi deara go gcaithfear iarratas a dhéanamh láithreach, go háirithe má bhaineann sé le heachtra. Is iad na sonraí atá riachtanach ná suíomh, am, líne Luas agus dáta. Eisítear taifeadtaí CCTV de réir na dtreoirlínte a leagtar síos faoin reachtaíocht um chosaint sonraí agus de réir dea-chleachtais.
Ní bhíonn Foireann Slándála Luas agus Gníomhairí Seirbhíse do Chustaiméirí ar bord gach trama.
Conas Tram a Úsáid
• Ní mór ticéad bailí a bheith agat chun dul ar bord an trama.
• Ná téigh ar bord ná ná fág an tram nuair atá na doirse ag dúnadh.
• Bíodh a fhios agat go bhfuil cnaipe/láimhseáil éigeandála ag gach doras ar an tram.
• Tá Pointí Cabhrach Éigeandála ar gach ardán in aice leis na Meaisíní Díola Ticéad.
• Coinnigh greim ar na ráillí láimhe agus tú ar an tram.
• Léirigh meas do phaisinéirí eile, le do thoil.
• Tá CCTV ar gach tram agus ag gach stad.
• Iarrtar ar úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus orthu siúd a bhfuil bugaithe acu na doirse dúbailte i lár an trama a úsáid.
Tiománaithe Feithiclí
• Ná glac seans riamh le solas ómra. Ná sáraigh solas tráchta dearg riamh.
• Ná stop riamh ar bhosca buí ar an mbóthar.
• Bíodh aire agat do ghluaisrothair agus do rothaithe.
• Ná cuir bac ar an tramlíne.
• Breathnaigh sa dá threo agus tú ag casadh.
Coisithe agus Paisinéirí
• Úsáid trasrianta ainmnithe chun trasnú.
• Éist leis an adharc agus leis an gclog rabhaidh. Is féidir le cluasáin agus fóin phóca aird a bhaint díot.
• Féach sa dá threo sula dtrasnaíonn tú rian.
• Fan glan ó línte cumhachta lastuas.
• Bí cinnte nach bhfuil carr páirceáilte i bhfolach ort agus tú ag trasnú.
• Bíonn rianta an trama sleamhain in aimsir fhliuch agus oighreach. Bí airdeallach.
• Ná rothaigh i lánaí an trama.
• Má chaithfidh tú na rianta a thrasnú, déan é chomh gar agus is féidir d'uillinn cheart chun roth do rothair a chosc ó bheith gafa i rianta Luas.
• Úsáid lána rothaíochta i gcónaí má tá sé ar fáil.
• Lean gach comhartha tráchta bóthair agus trama agus gach comhartha bóthair, le do thoil.
• Tóg am le stopadh, FÉACH AR CHLÉ AGUS AR DHEIS, agus éist le hadharca agus cloig rabhaidh ó thramaí atá ag teacht sula dtrasnaíonn tú.
• Ullmhaigh le trasnú i bhfad roimh ré agus glac do chuid ama.
• Más gá ar mhaithe le do shábháilteacht, éirigh den rothar agus trasnaigh na ráillí de shiúl na gcos.
• Bí airdeallach in aimsir fhliuch agus oighreach mar is féidir leis an talamh agus na rianta a bheith sleamhain.
Ag Taisteal le Leanaí
• Coinnigh do leanaí gar duit.
• Coinnigh greim ar a lámh, go háirithe agus tú ag dul ar bord nó ag fágáil an trama.
• Má tá tú ag taisteal le bugaí, téigh ar bord Luas ag an am céanna agus atá tú ag tabhairt an bhugaí ar bord.
Limistéir shuí do theaghlaigh ar thramaí
Tá limistéir shuí do theaghlaigh ar bord. Iarr go béasach ar phaisinéirí eile iad a fhágáil ar fáil duit féin agus do do theaghlach ionas gur féidir libh fanacht le chéile.
Cad ba cheart duit a dhéanamh má chailleann tú do leanbh?
Tá tú ag Stad Luas
• Déan teagmháil láithreach le Seomra Rialaithe Luas trí chnaipe Éigeandála an Staid a bhrú (suite in aice leis na Meaisíní Díola Ticéad).
• Mínigh do Sheomra Rialaithe Luas cén stad ag a bhfuil tú agus cén treo ina bhfuil an tram ina bhfuil do leanbh ag taisteal.
• Cinnteoidh Foireann Luas go dtabharfar tusa agus do leanbh le chéile arís chomh luath agus is féidir agus coinneoidh siad ar an eolas thú faoi gach céim atá le leanúint.
Tá tú ar bord Luas
• Déan teagmháil láithreach leis an Tiománaí Luas trí Chnaipe Éigeandála ar bord a bhrú.
• Mínigh don Tiománaí Luas go bhfuil tú ar bord agus cén stad ag a bhfuil do leanbh suite.
• Cinnteoidh Foireann Luas go dtabharfar tusa agus do leanbh le chéile arís chomh luath agus is féidir agus coinneoidh siad ar an eolas thú faoi gach céim atá le leanúint.
