Ticéid aonair agus fillte

Dóibh siúd atá ag taisteal ar an Luas amháin le haghaidh turais aonair nó fillte.
 
Tá ticéid aonair bailí ar feadh 90 nóiméad ón am eisiúna, le haghaidh turas amháin. Níl cead stad a dhéanamh le linn an turais. Tá ticéid fillte bailí don turas amach agus don turas fillte ar lá na heisiúna amháin. Ní mór an chéad turas a chríochnú laistigh de 90 nóiméad ón am eisiúna
 
Tá meaisíní ticéad suite ag gach Stad.
 
Tabhair faoi deara nach féidir ticéid a cheannach ar na tramaí.
Ticéad aonair de réir an chreasa Praghsanna do dhaoine fásta Praghsanna do leanaí
1 chrios  €2.00  €0.90
2-8 gcrios  €2.60  €0.90

 

Ticéad fillte de réir an chreasa Praghsanna do dhaoine fásta Praghsanna do leanaí
1 chrios  €4.00  €1.80
2-8 gcrios  €5.20  €1.80

Níl aon táille do mhic léinn ná do dhaoine óga fásta i bhfeidhm maidir le ticéid aonair agus fillt.

Taistealaíonn leanaí idir 0 agus 4 bliana d’aois san áireamh saor in aisce; tá leanaí idir 5 agus 15 bliana d’aois san áireamh i dteideal ticéid linbh. D’fhéadfadh go n-iarrfaí cruthúnas aoise. Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an leathanach faoi Thicéid agus Táillí Leanaí Luas.

Is féidir le daoine atá 66 bliain d’aois nó níos sine iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ar Chárta Seirbhísí Poiblí le Saorthaisteal.

Léigh an PDF Achoimre ar Tháillí Luas.