Ticéid do mhic léinn

Táillí Chárta TFI Leap do Mhic Léinn ar an Luas

Má tá tú ag staidéar in Éirinn faoi láthair, is féidir leat leas a bhaint as táillí airgid lascainithe trí do Chárta TFI Leap do Mhic Léinn a úsáid mar aitheantas. Tá roinnt bealaí ar fáil do mhic léinn chun íoc as taisteal ar an Luas, mar sin is fiú féachaint ar do chuid roghanna chun an ceann is fearr ó thaobh luacha de a aimsiú.

Cén fáth ar chóir duit Cárta TFI Leap do Mhic Léinn a fháil?

  • Tá táillí Íoc-Mar-A-Úsáidtear do mhic léinn ar Chárta TFI Leap níos saoire ná táillí airgid an Luais.
  • Cuireann Teorainneacha Caiteachais TFI Leap do Mhic Léinn teorainn leis an méid a íocann tú ar an Luas.
Cineál Turais Táillí Mac Léinn Táillí Duine Fásta
Táille 90 Nóiméad TFI €1.00 €2.00
Táille Ghearr €0.75 €1.50

Teorainneacha Il-Oibreora Chárta TFI Leap do Mhic Léinn

Cuireann Cárta TFI Leap teorainn uathoibríoch le do chaiteachas nuair a úsáideann tú níos mó ná an Luas amháin. Ní féidir leat níos mó a chaitheamh ná na teorainneacha sin.

Mar mhac léinn, is iad seo a leanas na teorainneacha:

  • Teorainn Laethúil – Bus Bhaile Átha Cliath, Luas, DART agus Iarnród Comaitéara: €3.00
  • Teorainn Sheachtainiúil – Bus Bhaile Átha Cliath, Luas, DART agus Iarnród Comaitéara: €12.00

Déan iarratas ar Chárta TFI Leap do Mhic Léinn

Má tá tú incháilithe, déan iarratas ar Chárta TFI Leap do Mhic Léinn agus sábháil airgead ar do thaisteal ar an Luas. Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh ar Chárta TFI Leap do Mhic Léinn.